Le dhá bhliain anuas, tá CLG Uladh ag obair i gcomhpáirtíocht le Translink NI chun Cóitseálaí na Bliana a aimsiú sa chúige. I mbliana ba ar an Ghael Phádraig Mac Cathail ó Ghlór na Móna i gContae Aontroma a bronnadh an duais mhór. Bhuail Meon Eile le Pádraig agus le Tricia Ní Chearra ó CLG Uladh le labhairt faoin duais agus faoin chomórtas.