Liam Mhic Cárthaigh ar cuairt chuig Béal Feirste le Cairbre Ó Cairealláin

Is cóitseálaí nirt agus aclaíochta é Cairbre Ó Cairealláin a oibríonn le foireann iománaíochta Luimnigh, foireann a bhfuil corn Liam Mhic Cárthaigh buaite ach trí bliana as a chéile anois.

Is as Béal Feirste é Cairbre agus thug sé cuairt ar an chathair ar na mallaibh chun an corn a thaispeáint do ghrúpaí éagsúla, go háirithe iad sin a bhí tábhachtach dó nuair a bhí sé ag fás aníos.

Bhuail sé isteach chuig Bunscoil Phobal Feirste, an áit ar thóg sé camán den chéad uair. Ansin ghlac sé an corn a fhad leis an dá mheánscoil ar ar fhreastail sé, Coláiste Feirste agus Scoil Mhuire na mBráithre Críostaí. Don stop deireanach, thug sé an chrn go dtí Cumann Naomh Pól ar Bhóthar Seoighe, an club lenar chuir sé feabhas ar a gcuid scileanna iomána.

Labhair Meon Eile le Cairbre faoin turas a bhí ar siúl aige le Corn Liam Mhic Cártaigh. Bhí comhrá againn fosta le beirt a chuaigh i bhfeidhm air agus é óg, mar atá an múinteoir i gColáiste Feirste, Ciarán Mag Aoidh, agus cóitseálaí s’aige i gCumann Naomh Pól, Paul Stevenson.

Close
Close