Campa Sacair le Toni-Leigh Finnegan

D’fhreastail daltaí scoile idir 6-14 bliana d’aois ar champa sacair dátheangach i Spórtlann na hÉireann ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, le linn an tsosa leath-théarma ar na mallaibh.

Bhí Toni-Leigh Finnegan, a imríonn do chumann sacair Cliftonville, i mbun an champa le Joe Mac an Fhailí ó Spórtlann na hÉireann. An sprioc a bhí acu don champa ná aclaíocht agus deiseanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga as an cheantar, go háirithe agus iad ar sos ón scoil. 

Bhí an deis ag na daoine óga Gaeilge a labhairt lena chéile, agus fiú í a roinnt leo siúd ag an champa nach raibh Gaeilge ar bith acu. 

Labhair Meon Eile le cúpla dalta a bhí ag freastal ar an champa agus is léir go raibh siad ag baint sult agus tairbhe as an eispéireas a bheith amuigh faoin aer le cairde nua, agus as bheith ag foghlaim ó pheileadóir proifisiúnta. 

Close
Close