Rath ar an bhliots peile 'Laochra ar Leathluas' i mBéal Feirste

Cuireadh bliots peile 'Máithreacha agus eile' ar siúl ar na mallaibh mar chuid d'Fhéile na Carraige i mBéal Feirste. Ba é seo an chéad bhliots riamh ag an ghrúpa nua, 'Laochra ar Leathluas', a thugann deis do mháithreacha agus do dhaoine eile lastuigh den chumann peile Laochra Loch Lao teacht le chéile go sóisialta.

Cuireadh tús leis an fhorbairt nua seo de chuid na Laochra thart ar mhí Bealtaine na bliana seo agus labhair Meon Eile le duine de na bunaitheoirí, Breanda Uí Chléirigh. Bhí Breanda agus an chuid eile den chumann ar bís a bheith ann agus iontach sásta forbairt an chlub a fheiceáil ag Spórtlann na hÉireann, le tacaíocht iontach ó phobal mór Laochra Loch Lao chomh maith.

Is deis iontach é do mháithreacha sos a thógáil, giota beag craic a bheith acu i measc seanchairde agus cairde nua, rud éigin a dhéanamh dóibh féin agus aclaíocht a dhéanamh ag an am céanna.

Close
Close