Seoladh leabhair: 'Mo Chéad Chluiche Peil Ghaelach'

Bhí imeacht mór i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh nuair a seoladh na leabhair úra ‘Mo Chéad Chluiche Peil Ghaelach’ agus ‘Mo Chéad Chluiche Iomaníochta’ le Micheal Gerard Ó Dochartaigh, Kevin O'Boyle agus measaithe ag Ciaran Orchin.

Is leabhar do pháistí iad seo a cuireadh le chéile chun an spórt a spreagadh san aos óg. Téann an léitheoir ar eachtra leis an dá phríomhcharactair, duine acu le speis agus grá mór do chluichí CLG agus gan aon eolas ar an spórt ag an duine eile.

I lathair ag an seoladh, bhí imreoirí mór le rá sna cluichí CLG a raibh comhrá agus plé acu leis an lucht féachana. Ina measc bhí Austin Gleeson, Niamh McLaughlin agus Peter Cavanagh, agus is é Thomas Niblock a bhí mhar fear an tí.

Labhair Meon Eile le Austin agus Niamh a dúirt gur chuir an leabhar i gcuimhne dóibh nuair a thosaigh siad beirt amach ag imirt an spóirt.

Labhair muid le Michael Gerard Ó Dochartaigh, duine de na scríbhneoirí a chuir beim mhór ar an tábhacht a bhaineann le páistí óga a spreagadh, chan amháin sa spóirt, ach sa léitheoireacht chomh maith.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close