Méadú stairiúil tagtha ar líon na ndaltaí i gColáiste Chaitríona, Ard Mhacha

Chuir Coláiste Chaitríona i gCathair Ard Mhacha fáilte roimh an líon is mó daltaí riamh i mbliain 8 ar na mallaibh agus beagnach 60 páiste nua ag socrú isteach sa Sruth Gaeilge i mbliana. Tá 164 dhalta ann ar an iomlán idir bliain 8 agus bliain 12. Tháinig 63 dhalta ar ais don Ardleibhéal i mbliain 13 agus bliain 14. Tá níos mó ná an leathchuid de bhliain 8 ina mbuachaillí, rud nár tharla roimhe sa Sruth Gaeilge: go dtí seo cailíní den chuid is mó a bhí i gceist.

Osclaíodh an Sruth Gaeilge i gColáise Chaitríona siar in 2002. Agus é ag tarraingt ar 25 bliana ar an fhód, tá an Sruth agus pobal thart air ag fás agus forbairt i rith an ama. Tá cuid mhór iarscolairí de chuid an tSrutha i ndiaidh leanúint ar aghaidh leis an Ghaeilge ar an ollscoil agus ina guid gairmeacha, san earnáil oideachais, sna meáin, i gcúrsaí teangacha agus teangeolaíochta, agus eile, rud atá ina chúid bhróid do na múinteoirí ar fad. Bíonn daltaí ag teacht chuig an scoil ó gach cearn den chontae: Cathair Ard Mhacha, Ard Mhacha Theas, an Lorgain agus Port an Dúnáin agus áiteanna eile lena gcois.

Thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Chaitríona ar na mallaibh, áit ar labhair muid le réimse leathan daltaí idir bliain 8 agus bliain 14 faoin eispéireas scoilte go dtí seo. Labhair muid fosta le Bean Uí Choinn, múinteoir stair atá ag obair sa scoil ó 2005 agus a theagasc an chéad bhliainghrúpa riamh. Labhair muid chomh maith leis an Mháistir Ó Ruanaidh a thosaigh ag obair sa scoil mar mhúinteoir Gaeilge in 2009. 

Close
Close