Bhí Lá hEorpach na dTeangacha á cheiliúradh ag Gaelscoil na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh mar chuid de Sheachtain an Domhain Thart Orainn sa scoil.
Dhírigh gach rang idir Rang 1 go Rang 7 ar thír áirithe agus rinne cur i láthair mar gheall uirthi. Chuaigh siad i mbun taighde agus d'fhoghlaim faoi theanga na dtíortha, mar ton le fíricí, téarmaíocht agus frásaí. Rinne siad ealaín fosta agus chuir siad eolas ar chúrsaí ceoil agus spóirt.
Chur siad a gcuid oibre agus taighde i láthair ar bhealach sultmhar, spreagúil agus gníomhach os comhair na ranganna ar fad. Bhí deis ag gach duine bia a bhlaiseadh ó thíortha éagsúla an tseachtain chéanna fosta, rud ar bhain siad an-sult as.
Tá neart áiseanna agus leabhair eolais trí Ghaeilge cruthaithe, deartha agus curtha i gcló ag an scoil dá gcuid daltaí ar ábhair a bhaineann leis an Domhan Thart Orainn: an Titanic, an Dara Cogadh Domhanda, Blitz Bhéal Feirste, Reilig Chathair Bhéal Feirste, Ceiltigh Bhéal Feirste, agus eile.
D'fhreastail Meon Eile ar Thionól Teangacha na scoile an tseachtain seo caite, áit ar lachair muid leis an Phríomhoide Seán Fennell, le Múinteoir Rang 5, Niall Ó Maitiú agus le beirt daltaí, Aoife agus Seán.


