Bhí Oíche Oscailte ag Gaelcholáiste Synge i mBaile Átha Cliath Dé Máirt agus bhí an áit lán go doras.
Osclaíodh an Gaelcholáiste den chéad uair i mí Mheán Fómhair na bliana seo le triúr daltaí agus ochtar múinteoirí. Ag freastal ar cheantair 2, 4, 6 agus 8 de chuid Bhaile Átha Cliath, tháinig oscailt an Ghaelcholáiste tar éis feachtas a mhair breis agus ceithre bliana, le cuid mhór ama caite lasmuigh den Dáil agus ag plé le polaiteoirí.
D’oibrigh neart Gaelscoileanna, eagraíochtaí Gaeilge, Conradh na Gaeilge ina measc, go dlúth lena chéile chun aird a tharraingt ar cheist na scoile agus ar an éileamh a bhí ar an Ghaeloideachas sa cheantar. Tá breis agus cúig bhunscoil Ghaeilge sa cheantar agus go dtí i mbliana ní raibh aon Ghaelcholáiste ar fáil do na daltaí.
D’fhreastail Meon Eile ar an oíche oscailte, áit ar labhair muid leis an Phríomhoide Tánaisteach, Medb Ní Fhearghail, le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, atá ag dúil go mór leis an cheathrar páistí s’aige féin a chur ann, agus le beirt daltaí, Sophia agus Kevin.


