Rás Trastíre na nGaelscoileanna

Bhailigh roinnt Gaelscoileanna as Béal Feirste le chéile i bPairc CLG Ó Donnbhain Rosa ar Bhóthar Seoighe ar na mallaibh chun pairt a ghlacadh i 'Rás Trastíre na nGaelscoileanna’.

Bhí catagóirí éagsúla ann ar an lá idir chailíní agus bhuachaillí, agus rannóga bunscoile agus meánscoile. Tá an t-imeacht seo ag dul ó neart go neart le tamall de bhlianta agus rinne achan dalta a sheacht ndícheall in achan rás. Bronnadh bonn ar gach rannpháirtí ag deireadh an imeachta fosta.

Labhair Meon Eile le Seán Fennell, múinteoir i nGaelscoil na bhFál, a d’eagraigh an t-imeacht. D’inis sé duinn faoi cé chomh tábhachtach is atá sé aird a thabhairt ar an reathaíocht sna scoileanna chomh maith leis na spóirt eile. Labhair muid fosta le Dara Mac Coille, múinteoir i gColáiste Feirste, faoin tábhacht a bhaineann leis an aclaíocht maidir le meabharshláinte agus sláinte fhisiciúil na bpáistí agus daoine óga.

Close
Close