Comórtas Cois Lao 2023

Reáchtáladh an comórtas péile 'Comortás Cois Lao 2023' ag Spórtlann na hÉireann ar na mallaibh. An t-eagras Fís an Phobail a d'eagraigh agus is iad daltaí bunscoile ó ranganna 4 agus 5 a ghlac páirt ann.

Bhí Rosie McNally i láthair ann agus í ag obair mar oifigeach for-rochtana pobail - luaigh sí an tábhacht a bhaineann le nasc a chruthú idir na Gaelscoileanna áitiúla.

Labhair muid fosta le comhordaitheoir pleanála teanga na heagraíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin, faoin tábhacht a bhaineann le himeachtaí mar seo a chur ar fáil do pháistí scoile ionas go mbeidh siad ábalta Gaeilge a labhairt ar bhonn sóisialta taobh amuigh den seomra ranga.

Cliceáil ar an nasc seo le níos mó eolais a fháil faoi imeachtaí Fís an Phobail.

Close
Close