Lá Spóirt agus Spraoi na Laochra

Cuireadh 'Lá Spóirt agus Spraoi na Laochra' ar siúl Dé Sathairn i Spórtlann na hÉireann, ionad spóirt de chuid Choláiste Feirste ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. 

Bhí an t-imeacht áirithe seo mar chuid d'Fhéile na Carraige 2023 agus eagraíodh é in éineacht le Fís an Phobail agus, ar ndóigh, an cumann peile Laochra Loch Lao. 

Bhí cluiche faoi 12 ann idir Laochra Loch Lao agus Lámh Dhearg chomh maith le neart siamsaíochta do theaghlaigh, ar nós preabchaisleáin, péinteáil aghaidheanna, feirm ainmhithe agus mionghalf.  

D'fhreastail Meon Eile ar an lá iontach agus labhair muid le Rosie McNally, Oifigeach For-Rochtana Pobail de chuid Laochra Loch Lao, atá ag siúl go mbeadh an t-imeacht ann ar bhonn bliantúil ionas go mbeidh an cumann in ann tógáil ar an chaidreamh atá sé a chothú leis an phobal. Bhí deis againn labhairt le hEoghan Ó Garmaile chomh maith, Oifigeach Tionscadail Pobail de chuid Ghlór na Móna. Bhí Eoghan ar bís a bheith i láthair ar an lá agus Féile na Carraige 2023 á cur i gcrích le hócáid chomh sultmhar don phobal ar fad.

Close
Close