Garsprioc Stairiúil: Aeracha Uladh - Bliain ar an fhód

Agus muid ag deireadh Mhí an Bhróid 2023, tá mír againn anseo ar an chéad chlub Chumann Lúthchleas Gael aerach i gCúige Uladh.

Tá Aeracha Uladh bliain ar an fhód i mbliana, club Chumann Lúthchleas Gael LADTA+ a bunaíodh i mBéal Feirste i mí Aibreáin anuraidh. Tá an club ag dul ó neart go neart ó shin agus meascán d’fhir agus de mhná ón phobal LADTA+ ina mbaill de, chomh maith lena gcuid comhghuaillithe.

D’fhreastail Meon Eile ar an Blitz CLG a d’eagraigh an club ag Páirc Lámh Dhearg i mBéal Feirste chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gharsprioc bhliana a bhain siad amach ar na mallaibh. Labhair muid le hAoife Thomhas, atá ina ball Aeracha Uladh óna gcéad seisiún traenála.

Is í an pheil Ghaelach amháin atá á himirt acu go dtí seo ach tá sé ar intinn ag an chlub rudaí a fhorbairt le go dtig leo iománaíocht agus camógaíocht a chur ar fáil fosta.

Bíonn an club i gcónaí sásta fáilte a chur roimh bhaill nua agus tá siad ag fás gach uile sheachtain. Má tá suim agat a bheith ag imirt le hAeracha Uladh, níl le déanamh ach teagmháil a dhéanamh leo anseo.

Close
Close