Airgead á bhailiú ag na 'Gaels for Gaza'

Le breis agus mí anois, tá ainghníomh á dhéanamh ag Iosrael ar mhuintir na Palaistíne, go háirithe i Stráice Gaza. Tá tithe, ospidéil, campaí teifeach agus sráideanna á mbuamáil agus go leor daoine á ndíláithriú agus á marú gach lá.

Tá agóidí agus léirsithe ar siúl ar fud an domhain chun brú a chur ar Iosrael agus ar pholaiteoirí ar fud an domhain sos cogaidh a chur i bhfeidhm sa réigiún. Tá cáineadh láidir déanta ag ceannairí na Náisiún Aontaithe agus na hEagraíochta Domhanda Sláinte fosta, ach níl rialtas Benjamin Netanyahu ag maolú ar a chur chuige.

Bhunaigh Seoirse Ó Longáin agus a chairde an grúpa Gaels for Gaza i mBéal Feirste le himeachtaí a eagrú chun airgead a bhailiú ar son na bPalaistíneach. Le déanaí bhí ócáid acu le foirne CLG as gach cearn de Chontae Aontroma. Blitz spóirt a bhí ann inar tháinig fir agus mná le chéile i gColáiste Naomh Maolmhaodhóg ar Bhóthar Aontroma chun iomáint, peil agus camógaíocht a imirt ar son chúis mhaith. 

Bhronn gach imreoir £10 a tugadh ansin do dhá charthanacht Phalaistíneacha. Sa deireadh bhailigh siad £3727.50 do MAP – Medical Aid for Palestine agus Islamic Relief Ireland, Palestine Emergency Appeal. Fuair Gaels for Gaza tacaíocht ó roinnt comhlachtaí éagsúla fosta ar nós, Banshee Silver, Sól Sliotars agus Abúwear.

Thug Meon Eile cuairt ar an pháirc imeartha agus labhair muid le Seoirse a imríonn le Wolfe Tonnes CLG agus le hOrla Nig Oirc ó Laochra Loch Lao faoin tábhacht a bhaineann le himeachtaí den chineál seo.

Tá tús curtha ag Gaeil do Gaza le leathanach JustGiving ar féidir síntiús a thabhairt dó anseo

Close
Close