Grúpa as Béal Feirste le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Craobhchomórtas Hip-Hop an Domhain

Is grúpa damhsa hip-hop as Béal Feirste Thiar iad Kollizion Crew a cháiligh chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn in Arizona SAM ag Craobh an Domhain i mí Lúnasa. 

Thug Meon Eile cuairt ar an Soul Studio, spás cleachtaidh na ndaoine óga ó Kollizion Crew, a bhuaigh Craobh na hÉireann i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh. Labhair muid le Rochelle McParland, stiúrthóir an ghrúpa damhsa, a dúirt go bhfuil an grúpa ar bís faoin bhua ach mar gheall ar easpa airgid go mb’fhéidir nach mbeidh deis acu dul go Arizona agus ionadaíocht a dhéanamh ar a dtír ar an ardán idirnáisiúnta.

Tá go leor comórtas buaite ag an ghrúpa damhsa ó bunaíodh é, le sraitheanna bonn agus trófaithe timpeall an stiúideo. Ba in 2019 a bhuaigh siad áit sa chraobh dhomhanda ach nuair a bhuail an phaindéim, cuireadh an comórtas ar ceal. Tá sé beartaithe anois do dheireadh an tsamhraidh agus gach ball ag iarraidh a bheith páirteach ann.

Labhair muid le Juliana Roche, ar theagasc Rochelle í agus atá anois ag obair mar theagascóir le Kollizian Crew, a dúirt gurb é seo an dara baile atá aici agus go bhfuil an fhoireann mar a bheadh teaghlach mór ann.

Labhair muid fosta le ceathrar damhsóirí, Sophie Anne, Cora, Aoibhín agus Muireann, a d'athdhearbhaigh an rud céanna, gur clann eile é an stiúideo seo dóibh.

Tá leathanach Justgiving curtha ar bun ag an Kollizian Crew agus is féidir leat airgead a thabhairt dóibh anseo le go mbeidh siad in ann taisteal chuig Craobh an Domhain.

Tá tuilleadh eolais ar Kollizion Crew le fáil anseo agus ar Chraobhchomórtas Damhsa Hip Hop an Domhain anseo.

Close
Close