Tuairimí an phobail: athfhorbairt ar Pháirc Mhic Ásmaint

Lá den saol nuair ba í Páirc Mhic Ásmaint príomhionad CLG Chontae Aontroma, bhí an áit beo bríomhar le daoine fásta, daoine óga, teaghlaigh agus lucht féachana. Le breis agus deich mbliana anuas áfach tá Páirc Mhic Ásmaint ina luí tréigthe agus an suíomh ina radharc gránna do gach duine i gceantar Bhaile Andarsan.

Tá sé sin le hathrú go luath faoi dheireadh. Tá pleananna ag CLG Aontroma le fada an staid a athfhorbairt ach is spreagadh mór eile é an comórtas sacair, Euro 2028. Is in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe a bheidh an comórtas agus roghnaíodh Béal Feirste mar cheann de na naoi gcathair ina n-imreofar na cluichí. Beidh Páirc Mhic Ásmaint de dhíth chuige sin.

Ní sásta atá gach duine leis an athfhorbairt, idir chuid de na cónaitheoirí áitiúla agus anois roinnt grúpaí a chreideann gur cheart an t-airgead (thart ar £150 milliún faoi láthair) dul i dtreo athchóiriú ar Pháirc Windsor, staid ar a mbeidh 1,200 suíochán breise de dhíth chun íosriachtanais chluichí Euro 2028 a chomhlíonadh.

Bhuail Meon Eile na sráideanna chun labhairt le muintir na háite i mBaile Andarsan lena dtuairimí a chluinstin faoin athfhorbairt.

Labhair muid leis an chomhairleoir áitiúil Clíodhna Ní Bhranair a bhí ag súil go rachadh an atógáil chun tairbhe don chathair ar fad agus leis an phinsinéir Máire Ní Chonghaile atá ag súil go mbeidh an pháirc nua mar mhol do chultúr na hÉireann. Labhair muid fosta le Gael Holland, tuismitheoir áitiúil a thuigeann tábhacht na páirce ach atá buartha faoin tionchar a bheidh aige ar chónaitheoirí.

Close
Close