Leanaí Loch Lao: Gach maidin Domhnaigh

Gach maidin Domhnaigh ar 11:00, tagann teaghlaigh le chéile ag Spórtlann na hÉireann in Iarthar Bhéal Feirste le freastal ar imeacht atá dírithe ar chúrsaí teanga agus spóirt do pháistí idir 2 agus 4 bliana d'aois.

Is togra de chuid Laochra Loch Lao é 'Leanaí Loch Lao' a bunaíodh le linn Sheachtain na Gaeilge 2023, nuair a d'aithin neart tuismitheoirí laistigh den chumann go raibh an t-éileamh ann do rud éigin mar seo a chruthú don phobal.

D'fhreastail Meon Eile ar Leanaí Loch Lao ar na mallaibh agus maidin lán gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí a bhí ann do na páistí ar fad, uilig trí Ghaeilge. Bíonn na tuismitheoirí i lár an aonaigh chomh maith ar ndóigh, rud a thugann deis dóibh tacú le forbairt a gcuid páistí ar bhonn seachtainiúil. 

Is cinnte go gcothaíonn an tionscadal seo gréasán tacaíochta do na tuismitheoirí go léir atá páirteach ann agus iad ag iarraidh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge.

Labhair Meon Eile le beirt bhunaitheoirí, Conchúr Ó Muadaigh agus Seán Ó hEacháin.

Close
Close