An Poc Fada ag Féile an Phobail

Bíonn sé de sprioc ag Féile an Phobail i mBéal Feirste na gnéithe éagsúla de chultúr na hÉireann, idir cheol, theanga, litríocht agus spórt, a chur i lathair.

35 bliana ó shin, ag an chéad leagan d'Fhéile an Phobail, bhí an Poc Fada ar cheann de na himeachtaí spóirt a chuir siad ar fáil agus le cúpla bliain anuas tá sé tagtha ar ais mar chuid den fhéile.

Ghlac roinnt daoine ó chlubanna éagsúla CLG ar fud Bhéal Feirste páirt san ócáid a bhí ar siúl ag cosán Dhuibhise ar an Sliabh Dubh.

Bhí dúshlán sa bhreis ag na hiománaithe leis an fhearthainn agus an ghaoth a bhí ann ar an lá ach baineadh súp mór as an ócáid go fóill.

Labhair Meon Eile le Caoimhín Ó hÉanna ó Bourke Sports, ceann de na hurraitheoirí ar an Fhéile i mbliana, agus le hOdrán de Bhaldraithe ó Lámh Dearg CLG a bhí ag glacadh páirte sa Phoc Fada i mbliana.

Close
Close