Cuimhní Gaeltachta - Neil Comer
An tseachtain seo ar "Cuimhní Gaeltachta" labhraíonn muid le Neil Comer, léachtóir Gaeilge in Ollscoil Uladh agus Uachtarán ar Chomhaltas Uladh.
As Iúr Cinn Trá ó dhúchas, d’fhreastail Neil ar an choláiste samhraidh i nDún Lúiche le linn a óige, seachas bliain amháin a chaith sé i Rann na Feirste.
Cé go bhfuil ceangal mór aige leis an Ghaeltacht trí chéile, is le Dún Lúiche a chroí go fóill. Ní amháin go ndeachaigh áilleacht an cheantair i bhfeidhm air agus é ag freastal ar na cúrsaí samhraidh ann ach thug muintir na háite, agus scoth na múinteoirí a bhí aige, spreagadh dó leanúint ar aghaidh leis an Ghaeilge agus a shaol a chaitheamh ag obair in earnáil na teanga.