Cuimhní Gaeltachta - Neil Comer

Cuimhní Gaeltachta - Neil Comer

An tseachtain seo ar “Cuimhní Gaeltachta” labhraíonn muid le Neil Comer, léachtóir Gaeilge in Ollscoil Uladh agus Uachtarán ar Chomhaltas Uladh.

As Iúr Cinn Trá ó dhúchas, d’fhreastail Neil ar an choláiste samhraidh i nDún Lúiche le linn a óige, seachas bliain amháin a chaith sé i Rann na Feirste.

Cé go bhfuil ceangal mór aige leis an Ghaeltacht trí chéile, is le Dún Lúiche a chroí go fóill. Ní amháin go ndeachaigh áilleacht an cheantair i bhfeidhm air agus é ag freastal ar na cúrsaí samhraidh ann ach thug muintir na háite, agus scoth na múinteoirí a bhí aige, spreagadh dó leanúint ar aghaidh leis an Ghaeilge agus a shaol a chaitheamh ag obair in earnáil na teanga.

Cuireann Neil béim ar leith ar thábhacht na gcoláistí samhraidh do gheilleagar agus do bheocht phobal na Gaeltachta, agus do thodhchaí na teanga féin.

Cuimhní Gaeltachta le Neil comer / Cuimhní Gaeltachta le Neil comer

Cuireadh físean na hAoine seo chugainn críoch leis an tsraith ‘Cuimhní Gaeltachta’… ná caill é.

Close
Close