Cuimhní Gaeltachta - Pilib Mac Cathmhaoil

Cuimhní Gaeltachta - Pilib Mac Cathmhaoil

Inniu cuireann Pilib Mac Cathmhaoil críoch leis an sraith ‘Cuimhní Gaeltachta’. Tá a shaol caite ag Pilib ag obair i saol na Gaeilge agus aithne ag an chuid is mó againn air ón mhéid atá déanta aige lena chomhlacht teilifíse ‘Tobar Productions’.

D’fhreastail Pilib ar choláiste samhraidh in Árainn Mhór le linn a óige, tá neart scéalta aige ón tréimhse sin agus tá se soiléir go bhfuil a chroí istigh san áit go fóill.

Cluineann muid faoina chéad turas ansin, faoin dóigh ar mhothaigh sé nuair a shroich sé an t-oileán agus faoin mholadh mór atá aige do mhná na dtithe, macasamhail Mary Lizzy, Nellí Bheag agus Rosie, a bhí i gcónaí chomh maith daofa mar scoláirí.

Is iad na cuimhní is fearr atá ag Pilib ná na laethanta a chaith sé ar Oileán Árainn Mhór, ar imeall an Atlantaigh. D’fhoglaim sé an oiread sin ó scoth na múinteoirí a bhí acu, ach is é an comhluadar agus an spraoi leis na stocaigh a bhí leis an rud is mó a gcuimhníonn sé air, agus na scéalta grin atá aige ó na blianta caite ansin.

Is ar Árainn Mhór a thuig Pilib den chéad uair gur teanga bheo í an Ghaeilge agus ghlac sé léi ón chead turas sin, ag caitheamh a shaoil leis an teanga agus leis an chultúr.

Cuimhní Gaeltachta le Pilib Mac Cathmhaoil

Ba mhaith linn ar mbuíochas a ghabháil leis na daoine uilig a ghlac páirt sa tsraith seo agus as a gcuid cuimhní speisialta a roinnt linn. Níl amhras ar bith ann gurb iad na laethanta caite sa Ghaeltacht, gurb iad a fhanann leat go deo agus a spreagann cuid mhór daoine leis an Ghaeilge a fhoghlam agus a chur ar aghaidh fud fad na tíre.

Close
Close