DSNT / Guerilla Shout - Comharghnó ealaíonta le cur chuige comhaimseartha
Inniu ar Meon Eile cuireann muid críoch leis an tsraith bunaithe ar ghnónna le Gaeilge le físeán faoi _DSNT_ agus _Guerilla Shout_, comhlachtaí a dhéanann dearadh grafach agus ealaín dhigiteach.
Tá na healaíona digiteacha anois mar chuid lárnach den saol, iad le feiceáil i ngach áit idir fhéilte, ócáidí corparáideacha, fhógraí agus go háirithe ar líne.
Is i lár na hearnála seo atá _DSNT_ agus _Guerilla Shout_ sáite, iad ag baint úsáide as teilgeoirí digiteacha chun píosaí d'ealaín suiteála a chruthú, agus iad bainteach go mór le bainistiú lipéad ceoil agus cóisireacha a eagrú, mar aon le cúrsaí scannán, amharclanna agus físe.
Chas *Meon Eile* le hOisín Ó Briain, duine de stiúrthóirí an dá chomhlachta, leis na gnónna agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a phlé.