Bua an Cheoil - Jack Mac Giolla Mhearnóg
Sraitheanna
Inniu ar *Meon Eile* táimid ag leanúint leis an tsraith _Bua an Cheoil_, le físeán ón cheoltóir óg de bhunadh Mhachaire Rátha, Jack Mac Giolla Mhearnóg.
Ceoltóir ildánach is ea Jack, a chuireann a lámh ar an ghiotár, piano agus bainseo le tionlacan a thabhairt dá ghlór binn, a shaothraigh an chéad duais sa rannóg amhránaíochta i gcomórtas _An Ré Nua_ dó cúpla bliain ó shin.
Glacann Jack páirt i gcomórtais eile ar nós Scór, Fleadh Cheoil na hÉireann agus Siansa Gael Linn, agus tá sé mar bhall den ghrúpa _Cóiriú_ chomh maith.
Labhair muid le Jack faoina cheol agus thug sé leagan álainn de _An Cailín Deas Óg_, amhrán atá bainteach go mór le Mairéad Ní Mhaonaigh agus _Altan_.