Bua an Cheoil - Gráinne Holland

Bua an Cheoil

Is as iarthar Bhéal Feirste ó dhúchas do Ghráinne Holland agus tá sí ar dhuine de na hamhránaithe is úire agus is nuálaí atá i ndiaidh teacht chun cinn i saol an cheoil Ghaelaigh.

Tá guth láidir álainn aici agus is ceannródaí í atá ag cur na hamhránaíochta Gaeilge os comhair lucht féachana nua an t-am ar fad.

Bhí suim mhór ag Gráinne sa cheol ó aois an-óg. Tógadh le Gaeilge agus Béarla í agus d’fhreastail sí ar an chéad Ghaelscoil i mBéal Feirste, Bunscoil Phobail Feirste, áit ar cothaíodh grá inti do na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge.

Sa bhliain 2011 d’eisigh Gráinne a céad albam ‘Teanga na nGael’ agus tá ag éirí go han-maith léi ó shin.

Bíonn sí ag ceol timpeall na tíre, agus an domhain, ag féilte agus téann a cuid ceoil i bhfeidhm ar go leor daoine.

Tá níos mó eolais faoi Ghráinne agus a ceol le fáil ar www.grainneholland.com

Close
Close