Ócáid 'Tinteán' mar chuid d'Fhleadh Cheoil na hÉireann

Eagraíodh gig speisialta de chuid Tinteán ag ionad ealaíon an MAC ar na mallaibh mar chuid d’Fhleadh Cheoil na hÉireann.

Thart ar cheithre bliana ó shin, bhunaigh an ceoltóir agus Gael Feirsteach, Breandán Ó Luachráin, sraith gigeanna míosúla ina theach féin. ‘Tinteán’ ainm na sraithe agus is é an smaoineamh taobh thiar de ná an seanfhocal: “Níl aon tinteán mar do thinteán féin”.

Chuir sé roimhe spás teolaí compordach cairdiúil a chruthú a thabharfadh ardán speisialta do cheoltóirí éagsúla agus deis acu caidreamh níos doimhne agus níos pearsanta a chothú leis an lucht féachana.

Tá na gigeanna ag dul ó neart go neart ó shin - bíonn thart ar 50 duine ag freastal orthu go rialta - ag suíomhanna cluthara timpeall Bhéal Feirste.

Bhí thart ar 60 duine i láthair, Meon Eile san áireamh, ag an ócáid le linn na Fleidhe. Labhair muid le Breandan faoin tráthnóna ghalánta agus faoi scéal Tinteán go ginearálta.

Is féidir leathanach Tinteán a leanúint ar Instagram anseo ionas go mbeidh tú ar an eolas faoi na gigeanna bheas ann amach anseo!

Close
Close