Sheol Comhaltas Cheoltóirí Éireann Réamheolaire Oideachais 2035 ag Leabharlann an Línéadaigh, Béal Feirste, le linn Fhleadh Cheoil na hÉireann i mbliana.
Is straitéis dhomhanda 10 mbliana é an Réamheolaire atá ina threoir i leith na foghlama, an teagaisc agus na ceannaireachta ar feadh an tsaoil sna healaíona traidisiúnta in Éirinn.
Is creatlach comhordaithe oideachais é ina gcuirfear tacaíocht ar fáil d’fhoghlaimeoirí ó na luathbhlianta ar aghaidh, trí rannpháirtíocht phobail, léiriú agus taibhiú, scrúduithe, staidéar creidiúnaithe, múineadh agus ceannaireacht.
Tréimhse stairiúil is ea é leis an togra suntasach a sheoladh agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann 75 bliana ar an fhód i mbliana. Faoi láthair, tá 2,000 rang seachtainiúil, 400 craobh i 25 thír, 95,000 scrúdú, 850 múinteoir agus 3 mhilliún duine páirteach i ngníomhaíochtaí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.
Is i sé chuid atá an réamheolaire leagtha amach: Cláracha do Scoileanna, Rannpháirtíocht Phobail, Léiriú agus Taibhiú, Oiliúint, Breisoideachas agus Ardoideachas, agus an Diaspóra Domhanda.
Beidh an chéad tréimhse, ag tosnú i mbliana go dtí 2028, ag díriú ar chláracha píolótacha, tacaíocht do mhúinteoirí, an t-infreastruchtúr digiteach, an t-oideachas ionchuimsitheach agus forbairt níos láidre maidir le ranganna craoibhe, scrúduithe, an taibhiú agus oiliúint múinteoirí.
D’fhreastail Meon Eile ar an seoladh, áit ar labhair muid le hOifigeach Ceoil Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Caitríona de Brún, leis an mhúinteoir rince, Orla Brannigan, agus le hArdoifigeach Feidhmiúcháin Fhoras na Gaeilge, Colm Ó hArgáin.


