Bua an Cheoil - Jack Mac Giolla Mhearnóg

Bua an Cheoil - Jack Mac Giolla Mhearnóg

Inniu ar Meon Eile táimid ag leanúint leis an tsraith Bua an Cheoil, le físeán ón cheoltóir óg de bhunadh Mhachaire Rátha, Jack Mac Giolla Mhearnóg.

Ceoltóir ildánach is ea Jack, a chuireann a lámh ar an ghiotár, piano agus bainseo le tionlacan a thabhairt dá ghlór binn, a shaothraigh an chéad duais sa rannóg amhránaíochta i gcomórtas An Ré Nua dó cúpla bliain ó shin.

Glacann Jack páirt i gcomórtais eile ar nós Scór, Fleadh Cheoil na hÉireann agus Siansa Gael Linn, agus tá sé mar bhall den ghrúpa Cóiriú chomh maith.

Labhair muid le Jack faoina cheol agus thug sé leagan álainn de An Cailín Deas Óg, amhrán atá bainteach go mór le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Altan.

Bua an Cheoil - Jack Mac Giolla Mhearnóg
Close
Close