Ainmnithe Ghradaim NÓS 2026: Torby

Fógraíodh ainmniúcháin Ghradaim NÓS 2026 ag tús na seachtaine seo agus tá réimse spleodrach de cheol agus ceoltóirí le haithint ina measc. I rith na sraithe seo, beidh Meon Eile ag bualadh isteach chun labhairt leis na hainmnithe faoina gceol. 

Níl duine níos fearr le tús a chur leis an tsraith ná Conor Torbóid, eagarthóir NÓS atá ina rapálaí chomh maith, ag baint úsáid as an ainm ‘Torby’. Tá Torby agus a shaothar ainmnithe i roinnt catagóirí: Amhrán na Bliana, Amhrán Dátheangach na Bliana, Albam na Bliana (Nuacheol), Físeán na Bliana, Ealaín na Bliana, agus Ceoltóir Aonair na Bliana.

Labhair Conor linn ar son NÓS ar dtús sular phléigh sé a chuid ceoil, na hainmniúcháin atá faighte aige agus na buaicphointí a sheasann amach ina aistear ceoil go dtí seo.

Close
Close