Thug Angela Feeney, amhránaí ceoldrámaíochta mór le rá, cuairt ar Choláiste Feirste ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste ar na mallaibh.
Bhronn sí leabhar stairiúil, ‘An Ghaeilge ar Oileán Reachlainn’ le Nils Magnus Holmer agus veidhlín clasaiceach ar an scoil. Ba le fear céile Angela, an tOllamh Nikolaus Grüger nach maireann, an veidhlín Iodálach.
Tá clú idirnáisiúnta ar Angela Feeney mar soprán agus tá cónaí uirthi sa Ghearmáin anois, ach rugadh agus tógadh in Iarthar Bhéal Feirste í. B’shin an chúis a raibh sí ag iarraidh an nasc a dhéanamh le Coláiste Feirste.
Agus í ag labhairt le Meon Eile, dúirt Angela go ndeachaigh scoláirí Choláiste Feirste go mór i bhfeidhm uirthi de bharr an phaisin atá acu don cheol, agus go raibh sí muiníneach go mbeadh saol nua ag an veidhlín agus ag an leabhar.
Is iad Coláiste Feirste agus GaelStair a d’eagraigh an t-imeacht. Labhair Moya Ní Dhuagáin ó GaelStair linn faoin tábhacht a bhaineann leis an stair fhisiciúil agus faoin nasc idir GaelStair agus Coláiste Feirste. Is eagraíocht oidhreachta agus cartlainne é Gaelstair atá lonnaithe i Spórtlann na hÉireann.
D’inis scoláirí ceoil Choláiste Feirste dúinn faoin ghrá atá acu don cheol agus faoin sult a bhain siad as bualadh le hAngela, a thug comhairle iontach dóibh. Labhair siad fosta faoin léiriú speisialta a chuir Angela i láthair na scoláirí.
