Cuireadh painéal dar teideal ‘Indigenous Animation: Lí Ban 2 & Spritelites’ ar siúl sa MAC i rith Féile na Meán Bhéal Feirste 2026 an tseachtain seo caite.
Le linn an phainéil, pléadh dhá shraith bheochana ó Paper Owl: ‘Lí Ban’ ar tháinig an chéad sraith de amach ar Cúla4 (agus i mBreatainis ar S4C) in 2024 agus a bhfuil an dara sraith ag teacht amach ar an 24 Samhain, agus ‘Spritelites’, togra úrnua a dhéanfar trí mheán na Gaeilge, na hUltaise agus an Bhéarla.
Chualathas ó Ghráinne McGuinness, stiúrthóir Paper Owl agus comhchruthaitheoir ‘Lí Ban’, Máire Zepf, scríbhneoir agus comhchruthaitheoir ‘Lí Ban’, Charlotte McKenna, stiúrthóir an dara sraith, Suzanne Waring, an scríbhneoir Gaeilge ar ‘Spritelites’, Anne McMaster, scríbhneoir Ultaise na sraithe, agus Craig Fish, stiúrthóir beochana le Paper Owl.
Bhí deis ag a raibh i láthair amharc ar an tréiléar den dara sraith de ‘Lí Ban’, agus ar spléachadh eisiach ar na chéad fhrámaí de ‘Spritelites’, a chraolfar ar BBC NI.