Taispeántas ealaíne Choláiste Feirste 2026

Is é inniu an lá deireanach le taispeántas ealaíne 2026 dhaltaí Choláiste Feirste a fheiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.

Cuirtear ealaín na ndaltaí A-Leibhéil agus TGM ar taispeáint sa Chultúrlann achan bhliain, rud a thugann deis do na healaíontóirí óga seo a gcuid saothar a fheiceáil in áit phoiblí i ndiaidh na hoibre crua ar fad, agus don phobal teacht isteach agus súp a bhaint as na píosaí.

Labhair Meon Eile le Róisín Nic Giolla Bhríde, atá ina múinteoir ealaíne i gColáiste Feirste, faoin taispeántas agus faoin tairbhe a bhaineann na daltaí as gach aon bhliain, agus le beirt daltaí, Aoife agus Ella, faoina bpíosaí féin.

Close
Close