Seoladh an tsraith úr theilifíse de chuid New Street Television, ‘Spriocanna Saoil’, in Ulster Sports Club, Béal Feirste Dé Céadaoin seo caite.
Is í Caoimhe Ní Chathail láithreoir na sraithe, a dhíríonn ar an tsaol sna tríochóidí agus ar na cinntí a bhíonn ar dhaoine, ach go háirithe ar na mná, a dhéanamh – cinntí a bhaineann le cúrsaí clainne, grá, sláinte agus slite beatha.
Spreagadh Caoimhe le tabhairt faoin tsraith seo nuair a bhí a 30ú breithlá ag teannadh léi. Thaifead sí podchraoladh darb ainm ‘30 S.O.S.’ inar phléigh sí na hábhair chéanna thuasluaite, ach mhothaigh sí go raibh ní ba mhó iniúchta le déanamh orthu. Sa tsraith seo, labhraíonn sí le daoine fud fad na tíre – le mná go príomha – le fiosrú leo faoi na cinntí a rinne siadsan, nó atá á ndéanamh acu fós.
Seinneadh roinnt gearrthóg ó ‘Spriocanna Saoil’ ar oíche an tseolta, agus bhí painéal cainte a raibh Caoimhe ina cathaoirleach air. Chuala a raibh i láthair ó thriúr rannpháirtithe ón tsraith faoi na scéalta a insíonn siad lena linn.
Tosóidh ‘Spriocanna Saoil’ anocht, an 11 Samhain, ag 9:30i.n. ar TG4.

