Ag ‘Brannuibh’ ar chorn eile?!

Doire v An Dún. Grianghraf le Presseye
Doire v An Dún. Grianghraf le Presseye

Fearghal Mag Uiginn

An Dún a thabharfaidh aghaidh ar Aontroim i gcluiche ceannais iomána Chúige Uladh 2013.

0-25 i gcoinne 1-16 a bualadh Doire ar an Domhnach san athimirt ag Páirc na Lúthchleas in Ard Mhacha agus tionchar mór ag Pól Ó Brannuibh ar an toradh agus ar chlár na scór. 0-12 a dhírigh laoch Phort an Pheire idir na cuaillí agus fuarthas cuidiú nár bheag ón imreoir lár páirce, Dónall Ó hAodha, a d’aimsigh 5 chúilín ón imirt féin.

Thug an cruinneas scórála sin buntáiste leathama do na buaiteoirí, 0-12/1-05 ach thuas seal, thíos seal a bhí ann ag Doire. Bhain Aaron Ó Ceallaigh ceol as eangach an Dúin le Doire a choinneáil san iomaíocht ach bronnadh cárta glan dearg ar an Cheallach tamall ina dhiaidh sin, cor sa chinniúint a d’fhág snámh in aghaidh easa ag Doire sa dara leath.

Mar sin féin, isteach sa bhearna bhaoil le Páidí Ó hEinrí agus Marcas de Creag Dhoire leis an fhód a sheasamh… agus sheas! D’aimsigh an bheirt 0-10 eatarthu sa dara leath sin is thug dóchas ar feadh tamaill bhig.

Ach bhí ciall cheannaithe ag an Dún ón chluiche cothrom nuair a ligeadh buntáiste leathama le sruth agus rug fir Ghearóid Uí Mhonáin greim ar chúrsaí arís agus tháinig buillí marfacha ó Ó Brannuibh, Ó hAodha, Ó Síocháin (0-1) agus Mhac Giolla Chomhaill (0-3) leis an áit cheannais a chinntiú le sé chúilín agus an áit sin tuillte go maith sa deireadh thiar.

Ní fios an ‘buaphoit’ a bhí ar an Dún an chéad lá agus bua Chorn Uí Rinn go fóill sna fhuil ach cuireadh achan rud ina cheart inné. Léirigh an Dún taithí agus láidreacht chnámh droma na foirne sa dara leath sin, go háirithe Conchúr Mac Conchoille.

Tá moladh tuillte fosta ag Bord Contae an Dúin as Pól Ó Floinn, iarimreoir Phort Láirge, a fhostú mar thraenálaí i mbliana, agus is cinnte nach ndeachaigh léargas agus comhairle Uí Fhloinn amú idir an dá chluiche.

Ní féidir iarrachtaí Dhoire a lochtú barraíocht.

Bhí an chosaint daingean go maith, níor ligeadh cúl ar bith isteach agus bhí srian éifeachtach ar Ghareth ‘draíochta’ Mac Seáin.

Ach is cinnte nach raibh faobhar go leor ar na tosaithe le dochar mór ar bith a dhéanamh ach fios ag Ger Ó Ruagáin, bainisteoir Dhoire, go bhfuil cumas san fhoireann óg nár tháinig bláth mar is ceart go fóill uirthi.

An Dún in éadan Aontroma mar sin sa chluiche ceannais a bheas le himirt ag Páirc na gCeilteach i nDoire Cholmcille, más fíor.

Agus an t-alt seo á scríobh, ní fios go fóill dáta an chluiche cheannais, rud nach gcuireann le clú ná le stádas ar bith atá ag fágtha ag Craobh Iomána Chúige Uladh.

Is minic agus is rómhinic a thógtar an tseancheist a bhfuil meirg uirthi faoi na Craobhacha Cúige agus tá bainisteoir Aontroma, Caoimhín Ó Rián, á gceistiú go poiblí faoi láthair.

Táthar ann a déarfadh gurbh fhearr i bhfad dó agus don chontae na himreoirí is fearr dá bhfuil sa chontae a mhealladh isteach nó ar ais go painéal Aontroma. Is fada an choimhlint sin idir club agus contae beo beathaíoch in Aontroim – peil nó iomáin.

Nuair a chuirtear san áireamh gur bhain clubanna ón chontae Craobh Peile na hÉireann sa bhliain 2010 (Naomh Gall) agus Craobh Iomána na hÉireann sa bhliain 2012 (Loch gCaol), tuigtear do na himreoirí siúd gan ualach an chontae a iompar fosta agus sin a rogha féin.

Caithfear rogha eile a thabhairt, measaim féin, más mian le hAontroim céim eile chun tosaigh a ghlacadh – rogha nó cúiteamh nó bainisteoir mór le rá a mheallfaidh na himreoirí is fearr amach. Ní féidir le contaetha a bhfuil tobar iomána chomh beag le hAontroma acu bheith gan na himreoirí is fearr.


Tá Craobh Uladh bainte ag Aontroim uair déag as a chéile anois ó 2002 go 2012.

Gan dúshlán ó thuaidh, thug iomáin Aontroma aghaidh ar na Laighnigh le cúig bliana anuas, bogadh a fhágann seans eisceachtúil ag Aontroim – Corn Liam Uí Airmhí agus Corn Bob Uí Chaoimh a bhaint gach bliain ó shin!

Tá athbhreathnú le déanamh ag CLG i mbliana ar an chinneadh a thug cead do na hUltaigh páirt a ghlacadh i gCraobh Uladh agus beidh díospóireacht ann!

I mbliana, mar shampla, bhuail Aontroim an Iarmhí sa réamhbhabhta 3-18/2-13 ach níor bhain an babhta ceathrú ceannais amach fiú nuair a fuair Laois an bua ar na hUltaigh sa chéad chluiche eile 1-16/0-13. Sa réamhbhabhta cáilithe bhí Laighnigh eile, Loch Garman, róláidir ag Aontroim 3-18/0-17.

Agus sin an áit a bhfuil iomáin Aontroma, gan chorn go fóill ach leathlámh aici ar Chorn Liam Uí Airmhí arís eile. Ach cad é faoi chorn Bob mar sprioc? Trí bliana ó shin bhuail Aontroim Baile Átha Cliath i gCraobh Laighean.

Inné, os comhair dhá scór míle i bPáirc an Chrócaigh, thóg Baile Átha Cliath Corn Bob Uí Chaoimh den chéad uair ó bhí 1961 ann.

Infheistíocht an thug BÁC a fhad le bua an lae inné agus infheistíocht a dhéanfaidh beart sna Glinntí agus in Iarthar Bhéal Feirste – infheistíocht airgid, cinnte, ach fosta infheistíocht suime, ama agus dóchais.

Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac.

Close
Close