Scoláirí ag seasamh in éadan cibearbhulaíochta

De réir staitisticí de chuid an ISPCC agus an NSPCC, déantar cibearbhulaíocht ar 20% de dhaltaí scoile. Bliain i ndiaidh bliana tá ardú ag teacht ar líon na bpáistí agus déagóirí a ndéantar tromaíocht orthu, rud nach mbaineann le hÉirinn amháin ach gur fadhb dhomhanda í.

Tá sé foilsithe ag an NSPCC gur chuir níos mó ná 45,000 páiste scairt ar ‘Childline’ anuraidh de bharr tromaíochta a bhí á déanamh orthu agus go mbíonn 16,000 duine as láthair ón scoil gach bliain.

Cad chuige a bhfuil meadú ag teacht ar na figiúirí seo?

Tá cuid mhór eagraíochtaí agus carthanachtaí a bhíonn ag plé leis an aos óg ag cur cuid den locht ar dhaoine ag baint mí-úsáide as suíomhanna meáin shóisialta, nó cibearbhulaíocht.

Sa tuairisc atá eisithe ag an NSPCC, tá sé ráite gur tháinig meadú suas le 87% ar chibearbhulaíocht le dhá bhliain anuas.

Ní féidir na staitisticí a shéanadh agus taobh thiar d’achan staitistic tá fíordhuine agus a scéal pearsanta féin.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le scoláire de chuid Ardscoil Naomh Pól i gCo. Ard Mhacha, atá i mbun feachtas frith-bhulaíochta.

Tromaíocht 1

Tá dúshlán mór roimh scoileanna agus tuismitheoirí dul i ngleic leis an fhadhb seo.

Thug Meon Eile cuairt ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair le níos mó a fhoghlaim faoin fhadhb.

Labhair muid le Príomhoide na scoile, Noel Ó Gallachóir, faoin chinéal bulaíochta a thig a dhéanamh ar dhuine agus faoi na comharthaí ar chóir amharc amach fana gcoinne má tá duine ag fulaingt de bharr bulaíochta.

Labhair muid fosta le daltaí a rinne tionscnamh faoi bhulaíocht cibir agus faoin dóigh a gcuireann sé isteach ar dhuine.

Tromaíocht 2
Close
Close