Cuireadh máistircheardlanna ar an iriseoireacht raidió ar siúl sa Lonnán i Raidió Fáilte i mBéal Feirste ar na mallaibh, áit ar labhair scoth na n-aíonna ar cheird na craoltóireachta.
Áine Ní Bhreisleáin, Eoghan Ó Néill, Lynette Fay agus Máirín Ní Ghadhra na craoltóirí aitheanta a roinn a gcomhairle agus a saineolas leis na rannpháirtithe ar an lá.
Ar a bharr sin, bhí craoladh beo speisialta ag clár RTÉ Raidió na Gaeltachta, 'An tSeachtain', le Máirín Ní Ghadhra idir 11:00 - 12:00. Dhírigh an clár ar chúrsaí polaitíochta mar atá siad sa Tuaisceart faoi láthair agus ina measc siúd a ghlac páirt ann bhí Diarmaid Ua Bruadair, Príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire, Jack Mac Íomhair, Príomh-Irischraoltóir Nuachta agus Cúrsaí Reatha le Raidió Fáilte, Póilín Ní Chiaráin, tráchtaire agus tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Somhairle Mhic Uidhir, gníomhaí agus sóisialaí, agus Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumaráide Chonradh na Gaeilge.
Bhí an deis ag Meon Eile labhairt leis na haíonna agus le bainisteoir Raidió Fáilte, Cillian Breatnach.