Cuireadh Lá Spreagtha dar teideal 'Deis sa Bhreis’ ar siúl an tseachtain seo caite in Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg i gCaisleán Uidhilín, Contae an Dúin. Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin a d’eagraigh agus lá thar a bheith suimiúil siamsúil a bhí ann ó thús deireadh.
Chuir Cumann na bhFiann imeachtaí spraíúla ar siúl do na daltaí go léir agus bhí iondaithe ó eagraíochtaí Gaeilge éagsúla i láthair lena seastáin eolais chomh maith. Tugadh cuireadh do roinnt aoichainteoirí labhairt ar an lá faoina saoil gairmiúil i nGaeilge, mar a bhí Leonne Ní Loinsigh (Foras na Gaeilge), Conall Ó Máirtín (TG4), Aingeal Nic an tSabhasaigh (An tÁisaonad), Ciarán Mac Giolla Bhéin (Fīs an Phobail / Uachtáran úr Chonradh na Gaeilge) Micheal Gerard Doherty (MCD Coaching), Caoimhe Nic Cú Uladh (Fóram na nÓg), an Dr Niall Comer agus an Dr Caoimhín Ó Dónaill (léachtóirí Gaeilge, Ollscoil Uladh).
Bhí roinnt scoileanna i láthair ar an lá: an Sruth Gaeilge in Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg, Scoil Ghradamaí Lecale Trinity, Dún Phádraig, Scoil Naomh Lughaidh, Cill Chaoil agus Coláiste Shimna, An Caisleán Nua.
Labhair Meon Eile le Louise Smith, Bainisteoir Aonad na Gaeilge, Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, le Leas-Chathaoirleach na Comhairle, David-Lee Surginor, le Ceannaire an tSrutha Gaeilge in Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg, Ciara Pickering, le hAingeal Nic an tSabhasaigh, an Dr Niall Comer agus an Dr Caoimhín Ó Donaill, agus le daltaí Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg, Eoin, Erin, Fiachna, Cormac, Caci agus Maisie.