Seoladh ‘Athbhreithniú ar an Athbhreithniú’ ag Cnoc an Anfa


Bhailigh ionadaithe agus cleachtóirí ó earnáil na Gaelscolaíochta le chéile sa Ghailearaí Fada i gCnoc an Anfa ar na mallaibh le haghaidh seoladh taighde darb ainm ‘Athbhreithniú ar an Athbhreithniú: Iniúchadh ar Dhul Chun Cinn - Athbhreithniú ar an Ghaelscolaíocht, 2008’ le Comhairle na Gaelscolaíochta.

Déantar anailís sa chéad Athbhreithniú ar na dúshláin a bhí roimh fhorbairt earnáil na Gaelscolaíochta agus ar na straitéisí le dul i ngleic leo. Bhí 24 mholadh sa tuairisc ó 2008 agus, dar leis an taighde nua seo, níl feabhas taghta ar an chuid is mó de na moltaí go fóill.

Dhírigh painéal an lae ar na dúshláin is suntasaí a aithníodh ó bhí 2008 ann, is iad sin: soláthar múinteoirí; cóiríocht agus bonneagar; tacaíocht atá oiriúnach do dhaltaí Gaelscolaíochta a bhfuil riachtanais speisialta nó bhreise foghlama acu; agus an easpa ábhair measúnaithe agus acmhainní curaclaim.

Labhair Meon Eile le Tarlach Mac Giolla Bhríde, Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Abhcóideachta le Comhairle na Gaelscolaíochta, a mhínigh an taighde atá déanta acu. Dúirt sé fosta go bhfuil níos mó tuillte ag earnáil na Gaelscolaíochta, agus ag na daltaí go hairithe.

Labhair muid fosta le Maria Thomasson, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta. Seo a leanas cuid dá teachtaireacht:

“Impím ar an Aire Oideachais a chinntiú go gcuirfear an t-airgead cuí ar fáil chun an obair seo a chur chun cinn agus na moltaí atá sa tuarascáil seo a chur i bhfeidhm ar bhonn práinne ar mhaithe le daltaí, baill foirne agus teaghlaigh lán-Ghaeilge.”

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an taighde seo, is féidir teagmháil a dhéanamh le ar [email protected]

Close
Close