Oíche thrasphobail i Machaire Fíolta

Cuireadh fáilte mhór roimh achan duine ag ócáid trasphobail a bhí ar súil i Machaire Fíolta ar na mallaibh agus iad ag déanamh ceiliúrtha ar an chúltúr Gaelach.

Eagraithe ag Gaelscoil an tSeanchaí, tháinig daltaí ó na scoileanna áitiúla éagsúla le chéile chun ceolchoirm ollmhór a chur le chéile, lán de cheol, damhsa agus amhraíocht.

Bhí an halla i gColáiste Speirín plódaithe agus an lucht féachana ag baint suilt as an tsiamsíocht.

Chuir Fearghal Mag Uiginn an oíche i láthair agus é chomh bródúil as a bheith ar ais ina cheantar dúchais agus an oiread dul chun cinn atá déanta ó thaobh na teanga de, go háirithe achan duine tágtha le chéile mar phobal amháin cibé creideamh nó cúlra a bhí acu.

Dúirt Príomhoide Ghaelscoil an tSeanchaí, Orlagh Nic Fhirléinn, go raibh sí lán sásta leis an oíche agus go raibh siad anois ag amharc chun tosaigh go seó na Nollag agus iad ag tógáil ar an oibre atá i mbun acu.

oíche Ghaelach Machaire Fíolta
Close
Close