An Ghaeilge faoi bhláth sa Sruthán

Katie McGreal

Tá na ranganna Gaeilge in Ionad Pobail An tSrutháin i gcontae Ard Mhacha ag glacadh sosa don samhradh ach beidh siad ar ais arís san fhómhar.

Tá Dominic Bradley agus Annette Nic Lochlainn ag reáchtáil na ranganna seo ag le dhá bhliain anuas agus tá siad ag dul ó neart go neart.

Bhí Annette ar saoire máithreachas le tamall anuas agus le linn an ama sin, nuair a chonaic daoine ar an tsráid í bhí siad ag fiafraí di cathain a bheadh sí ar ais ag múineadh.

“Tá an-spéis ag daoine sna ranganna,” a deir sí.

“Ag an chéad oíche clárúcháin a bhí againn bhí 25 ainm síos againn don bhunrang. Bhí 30 ainm don darna seachtain den rang.”

Múineann Annette an bunrang agus an meánrang agus múineann Dominic Bradley an t-ardrang.

Tagann daoine ó chúlraí éagsúla agus bíonn craic acu le chéile.

Is as Sasana de Rachael McComb. Tá cónaí uirthi in Ard Mhacha le 15 bliain anois.

Bheartaigh sí tabhairt faoi ranganna Gaeilge nuair a chuala sí go mbeadh siad ar siúl go háitiúil.

“Bhí mo mhac ag freastal ar an mheánscoil ag an am agus bhí air Gaeilge a fhoghlaim,” a deir sí, “Shíl mé go mbeadh sé deas dá mbeadh muid á dhéanamh le chéile.”

Tá Rachael ag freastal ar ranganna in Ionad Pobail An tSrutháin le dhá bhliain anuas agus tá sí cláraithe arís do mhí Mheán Fómhair.

Nuair a thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge bhí sí ag súil le ceisteanna ó dhaoine mar gheall ar an bhfáth a bhfuil spéis aici ann ach fuair sí níos mó ceisteanna ná a raibh sí ag súil leo.

“Deir daoine liom ‘Ní Caitliceach thú. Ní Éireannach thú. Cén fáth a mbeadh spéis agat sa Ghaeilge?’,” a deir Rachael.

“Níor chuir éinne na ceisteanna sin orm nuair a bhí mé ag foghlaim na Gearmáinise ar scoil.”

Is maith le Rachael teangacha go ginearálta agus tá sí ag baint an-sult as an Ghaeilge go dtí seo.

Rinne Feargal O’Brien an Ghaeilge ar feadh ocht mbliana ar scoil.

Fuair sé a fáinne óir cúpla bliain ó shin agus anois tá sé ag freastail ar an ollscoil in Alban.

Cabhraíonn sé le hAnnette sna ranganna nuair a bhíonn sé sa bhaile.

“Is bealach iontach é le mo chuid Gaeilge a choinneáil,” a deir sé, “Taithníonn sé go mór liom.”

“Thosaigh mé agus m’fhear chéile ag foghlaim Gaeilge le hAnnette dhá bhliain ó shin le spreagadh a thabhairt d’Fheargal an Ghaeilge a choinneáil agus a chleachtadh,” a deir Anne, máthair Feargal.

Bhí sí féin agus a fear chéile sa bhunrang le hAnnette nuair a thosaigh sí na ranganna dhá bhliain ó shin.

Ní dhearna Anne an Ghaeilge ar scoil agus mar sin bhí neart deacrachtaí aici leis.

“Rinne m’fhear chéile an Ghaeilge ar scoil agus tháinig an-chuid ar ais dó nuair a thosaigh sé á foghlaim arís.”

Thosaigh athair Anne ag foghlaim na Gaeilge nuair a bhí sé 50 bliain d’aois agus fuair sé a fáinne óir sula bhfuair sé bás.

Tá Anne á úsáid sin mar spreagadh di féin.

Cé go raibh deacrachtaí ag Anne, tá sí ag iarraidh leanacht leis na ranganna.

Tá sí cláraithe arís i mí Mheán Fómhair.

Cuireann Annette agus Dominic fáilte roimh gach duine ag na ranganna seo.

Tá costas £25 ar theárma amháin de ranganna, uair an chloig in aghaidh na seachtaine.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uathu ar [email protected].

Close
Close