Cad é an t-ardán a thugtar do dhaoine cáiliúla? Spás ardaithe ón talamh le seasamh air, ceol a roinnt agus an lucht féachana a thabhairt fríd an seitliosta ar feadh cúpla uair an chloig? Nó spás chun a gcuid tuairimí ar cheisteanna a chur os ár gcomhair? Is dócha gurb í seo an cheist ba chóir dúinn uilig a chur orainn féin anois agus muid ag amharc ar an mhéid a thit amach sna ceannlínte agus ar na meáin shóisialta idir Ed Sheeran agus Macklemore. Ní i bhfolús a tharla an scéal seo ar chor ar bith.
Glactar leis go mbeadh a fhios agat cé acu a raibh tú ag aontú leo ón tús ach ní hé sin an ghné is casta. Tá muid ag pilleadh ar cheist amháin le tamall anuas agus ardaítear í achan uair a labhraíonn duine éigin amach agus gearrtar pionós de shórt éigin orthu, bíodh sé ina phionós sóisialta nó oibre nó dlí. Is é sin ar chóir do dhaoine cáiliúla a ladar a chur isteach i scéalta nuachta, a gcuid tuairimí a léiriú ar an chairpéad dearg nó a ndearcadh polaitíochta a nochtadh ar stáitse? I mo bharúil féin, is cinnte gur chóir ach, níos suntasaí ná sin, níl aon rogha acu a thuilleadh.
Mar atá feicthe ag Ed Sheeran agus líon na n-ealaíontóirí a fhanann ina dtost faoi cheisteanna móra is annamh nach gcuirtear faoin mhicreascóip iad. Déanann cuid mhór acu an chosaint chéanna is a rinne Ed Sheeran le seachtain anuas, ag rá gur spás sábháilte atá i réimse an cheoil, go n-úsáideann sé a ardán chun daoine ó chúlraí éagsúla a thabhairt le chéile agus nach n-athróidh sé sin riamh. Dúirt sé fosta go bhfuil a cheolchoirmeacha bunaithe ar an ghrá agus ar an éalúchas, áit a gcuirtear fáilte roimh chách. Luaigh sé nach n-úsáideann sé a ardán le labhairt ar chúrsaí polaitíochta mar gheall nach mbíonn leis an lucht féachana ag dúil leis sin uaidh.
In iarracht ar an dá thrá a fhreastal, áfach, tá sé fágtha ar an trá fholamh agus cuid mhór daoine á cháineadh. An dóigh leis go gcuirtear ceoltóirí i mbosca inár n-inchinn gur ceoltóirí amháin iad agus nuair a osclaíonn siad a mbéil gur chóir dúinn a bheith ag dúil le hamhráin agus le hamhráin amháin? Is é an fhírinne nach gcuirtear ar chor ar bith agus muid i sochaí ina mbíonn lucht leanúna ag cuid mhór daoine - réaltaí teilifíse, ceoltóirí, fuirseoirí, ealaíontóirí, stiúrthóirí, mainicíní. Ní hamháin go dtugtar aird orthu ina n-earnálacha féin ach leanann muid iad ar na meáin shóisialta, amharcann muid ar fhíseán díobh ar chúlstáitse nó i mbun agallamh sa bhaile ag dul fríd a gcófraí. Is fíormhinic a bhíonn gnó nó branda ag na daoine seo nach mbíonn bainteach lena gceird ar chor ar bith agus an-rath orthu siúd.
Cé go bhfuil sé tábhachtach - tá saoirse cainte i gceist anseo - ach baineann sé leis an dualgas atá ar dhuine a bhfuil guth agus ardán acu. Tá daoine ar leith sa saol a gcluintear gach focal uathu mar gheall ar na mílte leantóirí atá acu ar na meáin shóisialta nó na céadta mílte a cheannaíonn ticéid chun iad a fheiceáil. Bíonn spotsolas orthu agus éisteacht acu - rud éigin nach bhfuil furasta a fháil sna laethanta seo. Tá cuid mhór ceoltóirí a amharcann ar an ardán seo mar dheis agus ní bhíonn drogall orthu an deis sin a thapú - amharc Kneecap, mar shampla, a labhraíonn amach ar son na Palaistíne go leanúnach, agus Macklemore fosta.
Ritheann na teachtaireachtaí fríd an cheol agus na liricí ach níos mó ná sin bíonn sé mar chuid d’éiteas na n-ealaíontóirí. Cruthaíonn sé tuigbheáil agus muinín idir an t-ealaíontóir agus an lucht féachana, caidreamh eatarthu ar an ábhar go bhfuil siad ar an leathanach céanna i dtaca leis na ceisteanna seo. Caitheann sé spotsolas ar scéalta agus tugann sé guth do dhaoine a bhfuil cos ar bolg á déanamh orthu: is bua é seo atá ag an cheol le fada an lá.
Ag amharc siar, ní feiniméan de chuid an 21ú haois é. Bhí tuairimí ag ceoltóirí faoi chúrsaí polaitíochta ó tháinig an earnáil chun cinn: na grúpaí a thapaigh an deis ag an fhéile Woodstock chun an fód a sheasamh in éadan an chogaidh i Vítneam; N.W.A, grúpa hip-hop sna 1980idí i Stáit Aontaithe Mheiriceá a thug guth do dhaoine gorma uirbeacha; Green Day agus Rage against the Machine a cháin na meáin agus an córas Meiriceánach go géar. Leanann an nós seo ar aghaidh sa lá atá inniu ann agus muid ag feiceáil ceoltóirí agus ealaíontóirí ag glacadh seasamh ar scéalta atá i mbéal an phobail - cúrsaí timpeallachta, cúrsaí teicneolaíochta agus, le tamall anuas. muintir na Palaistíne.
Tá ardú feasachta de dhíth i leith na gceisteanna seo. Ach, an gcaithfear fanacht go dtí go mbíonn sé ráite ag amhránaí cáiliúil a bhfuil ardmheas agat orthu go bhfuil an cinedhíothú sa Phalaistín nó foréigean in éadan na mban nó an t-ollscrios atá déanta ar Loch nEathach mícheart? Is maith an rud é má chuireann siad leis an ghluaiseacht nó má thugann siad ardán sa bhreis don cheist ach caithfidh muid a bheith cinnte nach bhfuil dearmad déanta againn ar an tábhacht a bhaineann le cumhacht an phobail agus an neart a bhíonn in uimhreacha. Mar is fíorannamh a thógtar an caisleán ón bharr anuas.



