Pointí pionóis

Ciarán Ó Pronntaigh

Faoi láthair, tá polasaí ag an DUP an Tionól a choinneáil ag dul. Is maith a thuigeann an ceannaire, Gavin Robinson, na contúirtí a bhaineann le deireadh a chur leis – Emma Little-Pengelly le héirí as, ag cealú phost Michelle O’Neill ag an am chéanna. Gach uair a tharla a leithéid, áfach, bhí Aontachtaithe thíos leis, rud a d’admhaigh Robinson féin. Ina áit sin, agus é faoi bhrú ó bhuíon Carla Lockhart, is é an polasaí a roghnaigh sé leibhéal níos ísle pionóis a bhronnadh ar O’Neill as an chomhpháirtíocht a léirigh sí do chónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh.

‘Gníomh mídhleathach’, dar leis na hAontachtaithe agus gníomh a mbeadh ‘iarmhairtí troma’ ag teacht as. Mheas Robinson go ndéanfadh na cúirteanna an obair shalach ar a shon agus go mbeadh ar O’Neill éirí as. Bhí rudaí ag dul go maith nuair a labhair baill an PSNI leis na léirsitheoirí ba mhó agus bhí Robinson ag dúil leis go mbeadh O’Neill os comhair na cúirte.

Ach tá iasc sa bhainne leis an phlean seo anois nó níl sé iomlán soiléir cad é an iarmhairt dhlíthiúil a bheas ag teacht. Chuir comhairleoir ar chearta daonna an PSNI, Aonghus Kelly, in iúl don Bhord Póilíneachta an tseachtain seo caite nach gníomh mídhleathach a bhí in eachtraí Bhóthar Gharbhachaidh. Is cosúil go dtugann an tAcht um Chearta an Duine cead do dhaoine léirsiú síochánta a dhéanamh ag an bhomaite dheireanach gan fógra a thabhairt. Más sin an scéal, ní bheidh aon chapall bán ag teacht le saol polaitiúil Gavin Robinson a shábháil.

Ba é an ‘pionós’ a chuir Robinson ar an Chéad-Aire nach mbeadh an LeasChead-Aire ar fáil d’ócáidí poiblí, rud a chiallaíonn nach féidir le ceachtar acu freastal orthu. Ach fiú an leibhéal íseal seo den phionós, ní raibh sé gan phriacail pholaitiúil. An chéad rud a séanadh ar O’Neill ná seans freastal ar ócáid chuimhneacháin de chuid an Léigiúin Ríoga Bhriotanaigh. Glacaim leis nár chuir sin isteach ar a shaol sóisialta an oiread sin. Ar nóta níos tábhachtaí, ní raibh an dá cheannaire ar fáil le freastal ar chruinniú ag a mbeadh Príomh-Aire na Breataine, Andy Burnham. Tá fadhb mhór leis an bhuiséad faoi láthair agus gach páirtí ag maíomh nach leor an méid a chuir an Státrúnaí, Chris Bryant, ar fáil. Shílfí nach ndéanfadh sé lá dochair dá mbeadh cruinniú ag O’Neill agus Little-Pengelly le Burnham le hachainí chomhaontaithe a dhéanamh ach níor tharla sé, a bhuí leis an DUP agus an cogadh suarach seo atá ar siúl acu.

Ag caint ar an BBC Dé Domhnaigh, dúirt ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta, Naomi Long, nár mhian leis an DUP go mbeadh rath ar an Fheidhmeannas agus Sinn Féin sa phríomháit agus go raibh blocáil ar siúl acu dá bharr. Níl sna hiarrachtaí is déanaí achainí ar ábhar buartha a úsáid ar an mhórchóir ach leathnú ar an chur chuige sin.

Seans maith nach raibh an DUP ag dul a thacú leis an reachtaíocht le cuidiú leis an Ghaeloideachas a d’urraigh Sinn Féin ach ba mhór an cáineadh a fuair an cinneadh ó na páirtithe neamhaontachtacha an chros a úsáid lena stopadh. Cuireadh ina leith gur thug siad an seicteachas isteach sa teanga. Ábhar díomá ag lucht na Gaeilge, chomh maith, gur thacaigh Jon Burrows, ceannaire Aontachtaithe Uladh, leis an chros.

San atmaisféar dúr seo, deir daoine go bhfuil deireadh ag teacht le Stormont ach is féidir an cheist a chur, nach raibh an deireadh ann le fada? Mura dtig leis na páirtithe comhoibriú lena chéile, is cuma cé air a bhfuil an locht, níl todhchaí i ndán dó. Níl i gceist anois ach an bhfaighidh an DUP de chroí an cnaipe a bhrú roimh na toghcháin i mí Bhealtaine.

Bhí 10 suíochán Westminster ag an DUP in 2017, níl fágtha acu anois ach ceathrar. An cruachás ina bhfuil Robinson faoi láthair, níl an dara rogha aige ach an cluiche crua a imirt. Ag amharc ar na pobalbhreitheanna is déanaí, níl aon dabht go mbeidh Michelle O’Neill ar ais mar Chéad-Aire arís, agus go mbeidh ionadaíocht an DUP níos ísle ná mar atá anois. San idirlinn, is beag is féidir linn a dhéanamh ach fanacht.

Close
Close