Rachael Ní Leannáin
Ar na léarscáileanna is sine d’Éirinn, tá oileán aisteach le feiceáil amach ónár gcósta.
Uí Bhreasail, nó Hy-Brasil i mBéarla, is ainm don oileán taibhsiúil seo atá fite fuaite sa seanchas, caillte le cuimhne na seacht sinsear. Deirtear go mbíonn an inis faoi cheo i gcónaí, seachas lá amháin gach seacht mbliana nuair a thagann sé chun solais arís - is é an t-aon rud nach féidir teacht i dtír air. De réir na scéalta, níor fhan an t-oileán riamh in aon áit amháin. Thar na blianta, chonacthas é amach ar chóstaí éagsúla, ó cheann ceann na tíre. Ba chúis iontais agus amhrais é do líon mór daoine.
Is minic a chuirtear Uí Bhreasail i gcomparáid le hAtlantas. Bhí tuairimí éagsúla ann faoin chineál áite a bhí ann: oileán parthais, baile na ndéithe, nó Tír na nÓg féin.
Ar mhapa amháin de chuid na gCatalónach ón 15ú céad, tugtar ‘Illa de brasil’ air. Bhí tagairtí fós ann dó sa 19ú haois ach, diaidh ar ndiaidh, d’imigh sé de na léarscáileanna ar fad.
Ach an áit a mbíonn toit bíonn tine. Mar sin, mura raibh sé ann riamh, cad as ar tháinig an scéal sa chéad dul síos?
In 1888, scríobh David Russell McAnally gur i gCorcaigh a chonacthas an t-oileán den chéad uair. Iascairí a bhí sna fir ó chonaic é, agus bhí aithne chomh maith sin acu ar an fharraige agus a bhí acu ar an talamh tirim. An lá roimhe sin, tháinig siad ar spota áirithe san fharraige a bhí thar a bheith torthúil don iascaireacht. An lá dár gcionn, agus iad ag féachaint amach ón chladach ar an spota céanna, chonaic siad oileán mór ina áit.
D’amharc siad amach rompu le hiontas. Bhí an t-oileán chomh soiléir leis an spéir ghorm os a gcionn: é mór millteach, lán de choillte, gleannta, agus sléibhte. Léim siad isteach ina gcuid bád agus thug siad aghaidh ar an oileán. Dá mhéad an iarracht a rinne siad teacht a fhad leis, áfach, is ea ba mhó a chuaigh sé i bhfad uathu. De réir a chéile, d’imigh sé as radharc, agus faoin am a shroich siad an áit chéanna a raibh siad an lá roimhe sin, ní raibh tásc ná tuairisc ar an oileán.
Chuaigh an scéal ó bhéal go béal sa cheantar agus, faoi dheireadh, d’éirigh sé ina scéal áibhéalta: oileán siar ó chósta Chorcaí ar a raibh cathair mhór, caisleáin, agus ardeaglais. Scaip an scéal ar fud na tíre agus níorbh fhada go raibh daoine ag maíomh go bhfaca siadsan an inis mhistéireach amach óna gcósta féin. Tháinig tuairiscí ó Inis Bó Finne i nDún na nGall, ó Acaill, agus ó chósta Aontroma go fiú.
Cuireadh ar léarscáil den chéad uair é sa bhliain 1325. Shílfeá, murarbh ann ach meabhalscáil, go n-imeodh sé de na mapaí arís go gairid ina dhiaidh sin. Ach ní mar sin a tharla. D’fhan sé orthu ar feadh na gcéadta bliain. Thart ar 1480, d’fhág an chéad turas taiscéalaíochta Briostó Shasana le teacht ar an oileán. Ní raibh rath ar bith ar an gcuardach.
Lean na turais seo ar aghaidh ar feadh na mblianta, ach níor thángthas ar an oileán riamh. Glacadh leis i measc na nÉireannach gur oileán draíochtúil ab ea é, agus gur cuardach lus na gréine i lár an gheimhridh a bhí sa dul sa tóir air.
In 1674, mhaígh Éireannach darbh ainm John Nisbett gur tháinig sé ar an oileán trí thimpiste agus é ag filleadh abhaile ón Fhrainc. Dúirt sé go raibh a bhád ag seoladh trí cheo chomh tiubh sin go sílfeá go raibh tú ag seoladh go domhan eile ar fad. Thug siad an t-oileán faoi deara agus chuaigh siad i dtír air. Dar leis, bhí coiníní dubha ina gcónaí ann, agus bhí draoi ann chomh maith, a raibh cónaí air i gcaisleán ina aonar.
Ní go dtí na 1800idí a thosaigh daoine ag cailleadh a gcreidimh in oileán Uí Bhreasail.
Tá daoine ann a chreideann nach raibh sa scéal ach toradh ar shamhlaíocht mairnéalach a bhí ar seachrán, nó fiú gur cumadh é le haghaidh spraoi. B’fhéidir gur meabhalscáil a bhí ann. Is dóigh le daoine eile gur oileán a bhí ann i ndáiríre, ach gur slogadh faoin fharraige é de réir mar a d'ardaigh leibhéal na mara.
Agus, ar ndóigh, tá daoine ann a chreideann go bhfuil sé ann fós, go bhfuil draíocht éigin ag baint leis, agus nach nochtann sé é féin ach lá amháin gach seacht mbliana.
Cad é an fhírinne, mar sin? An bhfuil oileán amach ó chósta na hÉireann a thagann agus a imíonn ar a thoil féin? An oileán draíochtúil é? Síscéal?
Níl a fhios agam cad é ba cheart a chreidiúint. Ach is dócha go mbeidh mé ag faire amach le haghaidh Uí Bhreasail gach uair a bheas mé ar chósta na hÉireann don chuid eile de mo shaol.
Mar a deirtear, is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach! Agus ní bhíonn a fhios agat riamh cad é a thiocfaidh aníos leis an taoide.



