Tá an cúigiú bliain de Scéim Cónaithe Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, faoi lánseol agus ceiliúradh tús na bliana in Aontas na Mac Léinn Dé Céadaoin seo caite.
Seoladh an scéim in 2022 agus, ó shin a leith, bíonn an rogha ag mic léinn sa chéad bhliain a bhfuil Gaeilge acu cónaí a bheith orthu le Gaeilgeoirí eile amháin, is cuma cén chéim atá á déanamh acu.
Cuireadh fáilte roimh chainteoirí ó eagraíochtaí éagsúla i mBéal Feirste teacht oíche Dé Céadaoin le heolas a roinnt leis na mic léinn faoi na deiseanna éagsúla a bhíonn ar fáil i bpobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus le tús a chur lena líonra sa chathair. Bhí ionadaithe ó Chumann Gaelach Ollscoil na Banríona, Fís an Phobail, Raidió Fáilte agus Laochra Loch Lao i measc na gcainteoirí.
Labhair Mark Harte, Oifigeach Tacaíochta Teanga Ollscoil na Banríona, le Meon Eile faoin scéim agus faoin tairbhe a bhain le hoíche mar seo a eagrú. Chomh maith leis sin, chuala muid ó Liadán Nic Cormaic, duine den chéad dream a raibh cónaí orthu i lóistín na scéime, agus Anu Nic Ruairí, atá bogtha isteach i dteach reatha na scéime le coicís anuas.

