Ceiliúradh ar an chultúr Ghaelach ag Fleadh Verona

Kathryn Ní Mhaoláin

Ag deireadh an tsamhraidh, tháinig breis agus 100,000 go Béal Feirste le ceiliúradh a dhéanamh ar an Ghaelachas: ár gceol, ár gcultúr, ár dteanga. Agus seans nach raibh a fhios agat faoi, ach an deireadh seachtaine seo caite, tharla an rud céanna in Verona na hIodáile.

Bhí deis agam freastal ar an fhéile Tocatí, féile bhliantúil a thiteann amach i gcathair Romeo agus Juliet, agus tugtar cuireadh do thír dhifriúil a bheith mar aoi speisialta achan bhliain. I mbliana, d’fhreastail os cionn 100,000 ar an fhéile, agus iad ag foghlaim faoi chultúr na hÉireann agus á cheiliúradh.

Bhí ‘gig rig’ i bpríomhchearnóg na cathrach, áit a raibh grúpa de cheoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe as CLG Ghleann an Iolair, Doire, as Conamara agus Oileáin Árainn. Siamsaíocht saor in aisce, piontaí ar an tsráid, ceol go maidin. Bhí sé cosúil le Fleadh Cheoil na hÉireann, agus mhothaigh mé an bród céanna i gcearnóg na hÉireann in Verona agus a mhothaigh mé taobh le Halla na Cathrach i mBéal Feirste cúpla seachtain ó shin.

Ceann de bhuaicphointí na féile domhsa ná, ag deireadh na hoíche in uaireanta beaga na maidine, go raibh muid inár suí thart ar thábla faoin aer, ag críochnú dheoch an dorais. Chuala muid, cúpla slat ar chlé, an chéad chúpla nóta de ‘Óro ‘sé do bheatha ‘bhaile’ á cheol ag dream eile thall. D’fhág muid ár gcathaoireacha inár ndiaidh, agus bhí seisiún amhránaíochta againn leis na strainséirí seo, agus lean an chóisireacht ar aghaidh ar feadh tamall eile.

Ach anuas ar an cheol, agus ar na ceardlanna teanga a bhí deis agam féin a chur ar fáil, bhí rud eile i lár an aonaigh: na cluichí Gaelacha. Tugadh cuireadh do Chluichí Gaelacha na hEorpa ceardlanna agus comórtais a reáchtáil bunaithe ar spóirt na hÉireann. Ina measc, bhí deis ag na hIodálaigh triail a bhaint as an iománaíocht, an pheil Ghaelach, cluichí cnó capaill, bollaí bóthair, agus neart eile. Reáchtáladh comórtas poc fada, agus d’éirigh go geal leis na hiomaitheoirí!

Tá na hÉireannaigh i ndiaidh dul ar imirce ar fud an domhain, agus is mór an lorg a d'fhág muid sna tíortha sin. Tá tóir ar ár gceol, ár gcluichí agus ár gcultúr ar fud na cruinne. Ábhar mór bróid is ea na rudaí sin dúinne, agus chuir sé gliondar croí orm an spiorad Gaelach a fheiceáil ar an mhór-roinn.

Close
Close