Treoir do ghobharnóirí Gaelscoile seolta ag an Aire Oideachais

Tá lámhleabhar do ghobharnóirí Gaelscoile seolta ag an Aire Oideachais, John O’Dowd, an chéad fhoilseachán dá leithéid don Ghaeloideachas ó thuaidh.

Sheol an tAire treoracha na nGobharnóirí i gColáiste Feirste. Is foilseachán é a thagann sna sála ar scéim phíolótach a eagraíodh i measc gobharnóirí gaelscoile i mórcheantar Bhéal Feirste.

Rinne Meon Eile agallamh leis an Aire Oideachais John O’Dowd, Príomhoide Choláiste Feirste Gary Mac Roibeard agus Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí Ghaelscoil an Lonnáin Gearóid Ó Doibhlín, faoin saothar nua agus na dúshláin ata rompu…

Lámhleabhar na nGobharnóirí seolta ag an Aire Oideachais, John O'Dowd
Close
Close