Turas agus leabhrán staire faoi Reilig Chathair Bhéal Feirste

Tá leabhrán scoile úr dírithe ar stair áitiúil Bhéal Feirste scríofa ag na múinteoirí Seán Fennell agus Fionntán Ó Mealláin.

Bunaithe ar thuras treoraithe Reilig na Cathrach, tugann an leabhrán léargas ar na daoine mór le rá atá curtha sa reilig, ealaíontóirí, lucht spóirt agus polaiteoirí ina measc.

Ar na mallaibh thug daltaí ó Ghaelscoil na bhFál agus ó Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh cuairt ar an reilig agus thug Seán turas dóibh, ag stopadh ag na huaigheanna atá sa leabhrán. 

I ndiaidh na cuairte sin bhuail na páistí agus na múinteoirí isteach chuig Glór na Móna, áit a raibh léiriú oideachasúil ar siúl faoi stair na háite.

Bhí an staraí agus iar-Ardmhéara Bhéal Feirste, Tom Hartley, i láthair a mhínigh gur dóigh iontach a bhí sna turais agus leabhrán chun an stair shaibhir áitiúil a chur ar a súile do na daoine óga.

Close
Close