Scoil na Bliana 2025 le Scoil Spreagtha

Ba mhór an bród a bhí ar phobal scoile Bhunscoil Naomh Brónach i gCaisleáin Ruairí, Contae an Dúin, nuair a fógraíodh gur bronnadh Scoil na Bliana 2025’ orthu ón scéim oideachais Scoil Spreagtha.

Thug Meon Eile cuairt ar an scoil agus iad ag ceiliúradh an éachta seo le lá mór spraoi. Bhí deis ag na daltaí dul i mbun damhsa ag céilí, biongó a imirt, agus fiú rang peile Gaelaí a dhéanamh le himreoirí ó fhoireann sinsir an Dúin.

Is gné rnach den tsaol í an Ghaeilge sa scoil seo, rud a thug Caitlín Mhic Naois faoi deara láithreach. Is Feidhmeannach Oideachais í Caitlín le Scoil Spreagtha agus mhol sí obair na scoile go mór, ag rá go bhfuil mórán buntáistí bainteach leis an dátheangachas go háirithe ag aois bunscoile. 

Déanann Rachel Poland, múinteoir Rang 2, cinnte de go mbíonn an Ghaeilge fite fuaite i saol scoile na bpáistí. Dinis sí dúinn faoin difear dearfach a fheiceann sí sna daltaí in achan ábhar scoile mar gheall ar an scéim, ag rá go bhfuil siad níos muiníní agus sásta rudaí nua a fhoghlaim.

Is í Olivia Gordon a dhéanann na ranganna Gaeilge leis na páistí mar chuid de scéim Scoil Spreagtha. Baineann sí úsáid as cluichí agus ceol chun an teanga a theagasc do na daltaí agus labhair sí linn faoin tábhacht a bhaineann le hatmaisféar dearfach a chruthú do pháistí agus iad ag foghlaim. 

Close
Close