Foirgnimh nua Choláiste Feirste & 50 bliain de Bhóthar Seoighe!

Bhí ceiliúradh mór i gColáiste Feirste ar na mallaibh le háiseanna nua na scoile a oscailt go hoifigiúil.

Bronnadh £15m ar an scoil le cur leis na foirgnimh - thóg siad saotharlanna eolaíochta nua, chomh maith leis an Spórtlann úr den scoth a osclaíodh cúpla mí ó shin. (Féach anseo: https://www.meoneile.ie/pobal/sportlann-na-heireann)

Mar aon leis sin, rinneadh ceiliúradh fosta ag ag ocáid is déanaí ar 50 bliain de Ghaeltacht Bhóthar Seoighe.

In 1969 tháinig roinnt Gael le chéile in iarthar Bheál Feirste leis an chéad lonnaíocht Ghaeilge a thógáil sa tuaisceart.

Chuir sin tús leis an ghluaiseacht cearta teanga i gCúige Uladh agus chuaigh i bhfeidhm go mór ar thograí eile teanga fud fad na tíre.

Bhí Coláiste Feirste lán le daoine don chomóradh speisialta, uair ar chuir Ceolfhoireann Uladh píosaí galánta ceoil os comhair an phobail.

Labhair Meon Eile le foireann agus pobal na scoile, mar aon le muintir Bhóthar Seoighe.

Close
Close