Seoladh áis úrnua darb ainm Oiliúint Ghairmiúil sa Ghaeilge ar na mallaibh d’oibrithe de chuid Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. Is iad Aonad Gaeilge na Comhairle agus Ollscoil Uladh a chuir an áis foghlama ar fáil, atá díreach ar bhaill foirne na Comhairle, go háirithe orthu siúd atá ag tosnú ar a n-aistear foghlama. Táthar ag iarraidh go mbeidh sé ar fáil fosta don phobal mhór agus do chomhairleoirí timpeall na Sé Chontae.
Tá sé mar aidhm ag an Chomhairle i gcónaí, tríd a Polasaí Dátheangach, cur leis an fhreastal a dhéantar ar an phobal trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla. Ar a bharr sin, táthar ag obair i dtreo agus ag ullmhú do chur i bhfeidhm Acht Féiniúlachta agus Teanga Tuaisceart Éireann 2022, agus na riachtanais reachtaíochta atá comhlíonadh acu dá réir.
Idir an lámhleabhar rialtais áitiúil agus acmhainní ilmheán, tabharfaidh Oiliúint Ghairmiúil sa Ghaeilge deis d’fhoghlaimeoirí bunchloch láidir a fhorbairt sa teanga, ó réimse leathan téarmaí agus stór focal, ceachtanna ar chúrsaí gradamaí, agus struchtúr agus fuaimniú na teanga. Tá céimeanna agus ábhair ar leith san áireamh ann, sin agus cur chuige slachtmhar soiléir chun misneach an fhoghlaimeora a thógáil de réir a chéile.
Tá an-chuid taithí ag Ollscoil Uladh ar bheith ag comhoibriú le Comhairlí le tamall anuas, go háirithe Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, agus tá saineolas ar leith ag an Ollscoil ar an teagasc do dhaoine fásta, rud a d’fhág gur éirigh go hiontach leis an chomhpháirtíocht.
D’fhreastail Meon Eile ar an tseoladh oifigiúil den oiliúint cheannródaíoch ag Iarsmalann an Iúir, áit ar labhair muid le hOifigeach Gaeilge na Comhairle, an Dr. Jonathan McGibbon, le Léachtóir le Gaeilge ag Ollscoil Uladh, an Dr. Gearóid Ó Domagáin, agus leis an Choimisinéir Gaeilge, an Dr. Pól Deeds.

