Ceapadh an ceoltóir agus eagarthóir teilifíse, Maitiú Ó Casaide, ina Stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath ar na mallaibh.
Is as Raghnallach i ndeisceart na cathrach é Maitiú, áit a bhfuil láithreacht láidir ag an Ghaeilge, idir bhunscolaíocht, mheánscolaíocht agus chór Ghaelach ag an aifreann. Tá an ceol Gaelach lárnach i saol Mhaitiú óna óige agus is ball é den bhanna chlúiteach The Bonny Men.
Beidh an Cheathrú Ghaeilge lonnaithe thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge. Tá Gaelcholáiste nua atá tar éis oscailt ar Shráid Synge agus is ar Shráid Fhearchair atá ceannáras an Chonartha le fada an lá, mar sin táthar ag iarraidh go bhfásfaidh éiceachóras Gaeilge go nadúrtha sa cheantar sna blianta amach romhainn.
Beidh Maitiú ag eagrú neart imeachtaí cultúrtha agus pobail chun deiseanna labhartha a thabhairt do chainteoirí Gaeilge agus d'fhoghlaimeoirí atá lonnaithe sa chathair. Beidh sé mar aidhm aige síolta tábhachtacha a chur timpeall na cathrach d'fhás agus d'fhorbairt na teanga.
Is le Conradh na Gaeilge atá Maitiú fostaithe agus beidh sé ag obair go dlúth le comhlachtaí poiblí agus grúpaí pobail ar nós Gaeilge365, Baile Átha Cliath le Gaeilge agus Foraois, mar aon le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Bord Oideachas agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath agus Age Friendly Ireland.


