Áiseanna nua 'Sealbhú' seolta ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Chuir tréimhse COVID-19 agus an dianghlasáil go mór isteach ar oideachas na scoláirí sa choras Gaeloideachais.

Sheol Comhairle na Gaelscolaíochta aighneacht chuig na húdaráis ar an ábhar seo agus, dá thoradh sin, chuir an Roinn Oideachais maoiniú ar fáil chun dul i ngleic leis na deacrachtaí ar leith atá roimh an earnáil.

Leis an mhaoiniú sin bhí an Chomhairle, CCEA agus Ollscoil Uladh in ann taighde a dhéanamh agus áiseanna a chur le chéile a chuideodh leis na daltaí.

'Sealbhú' is teideal don tsraith áiseanna nua agus seoladh iad i gCultúrlann McAdam Ó Fiach ar na mallaibh.

Tá ‘Aire Duit Féin’ agus ‘Fios Folláine’ i measc na n-áiseanna a chuireann béim ar an aireachas agus ar mhothúcháin páistí bunscoile.

Labhair Meon Eile le hOrla Nig Fhearraigh, Caoimhín Williamson agus Myra Zepf faoin tsraith agus faoin tionchar dearfach a bheidh ag na háiseana ar an Ghaeloideachas.

Thig leat tuilleadh eolais a fháil faoi 'Sealbhú' anseo.

Close
Close